Is mian leis an Roinn Dlí is Cirt, Comhionnanais
& Athchóirithe Dlí i gcomhar leis an NCCRI
scéim deontais a fhógairt roimh sheoladh an
Phlean Gníomhaíochta in Aghaidh Ciníochais
(NPAR)
Cuspóir
Ag éirí as an ngeallúint a tugadh
ag an gComhdháil dhomhanda i Meán Fómhair
2001, agus in éineacht leis an ngeallúint
i mBuanú an Dul Chun Cinn, seolfar an NPAR níos
déanaí i mbliana.
Is é cuspóir na scéime deontais seo
ná tacú le haidhmeanna NPAR. I measc na dtéamaí
i gcreat an Phlean tá Cosaint, Iniamh, Soláthar,
Aitheantas agus Páirteachas. Is féidir tuilleadh
sonraí den Phlean a fháil i ndoiciméad
dár teideal Diverse Voices ag www.justice.ie.
Treoirlínte agus Coinníollacha Deontais
Tá iarratais á lorg ón earnáil
phoiblí, dheonach agus phobail / neamh-rialtais chun
gníomhartha, tionscnaimh nó tionscadail a
fhorbairt, d'fhonn
- Comhaontais Straitéiseacha a chothú laistigh
den earnáil phobail & dheonach, go háirithe
i leith na dtionscnamh comhpháirtíochta
reatha i bhforbairt pobail agus na dtionscnamh bainistíochta
i bhforbairt ceantair.
- Ceangail a chruthú idir an mbonneagar láithreach
agus forbairtí nua, agus páirteachas agus
líonrú a spreagadh i measc grúpaí
ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach
ar aon.
- Cur le cumas grúpaí mionlaigh páirt
a ghlacadh agus ionadaíocht a dhéanamh dóibh
féin i ngach gné de shaol sóisialta,
polaitiúil agus cultúrtha na hÉireann.
- Tionscadail & obair láithreach sa réimse
seo a phríomhshruthú, lena chinntiú
go mbainfear úsáid éifeachtach, éifeachtúil
as acmhainní agus go roinnfear eolas agus foghlaim
ar fud na n-earnálacha éagsúla.
- Soláthar a dhéanamh d'athrú institiúideach
a thabharfaidh faoi shaincheist fholaithe an chiníochais
san ionad oibre agus i soláthar seirbhísí.
Tá dhá chineál deontais ar
fáil:
Déanfaidh Scéim A soláthar
do shuimeanna idir €3,000 agus €7,000 d'fhonn
Feasacht phoiblí faoin gciníochais a spreagadh
Cuidiú le cruthú na gcoinníollacha
a dhéanfaidh níos deacra é don chiníochas
a bheith ann; agus/nó
Cur chuige iniatach a chothú i leith grúpaí
eitneacha mionlaigh.
Déanfaidh Scéim B soláthar
le haghaidh suimeanna idir €10,000 agus €15,000
do thionscadail straitéiseacha ina bhfuil roinnt
páirtithe i dtreis agus an cuma orthu go bhfuil sé
d'acmhainn acu cabhrú chun cur chuige chomhtháite
inbhuanaithe a fhorbairt in aghaidh an chiníochais
agus breisluach a chur le tionscnaimh reatha nó tionscnaimh
nua sa réimse seo a fhorbairt.
Níl deontais ar fáil faoi na scéimeanna
seo do:
- daoine aonair
- tionscnaimh brabús-spreagtha
- tuarastail nó pá (d'fhéadfadh
táillí aon uaire a bheith inghlactha)
- costais taistil nó cothabhála;
nó
- ceannach trealaimh nó troscáin
MEASÚNÚ NA nIARRATAS
Déanfaidh painéal ar a mbeidh ionadaithe
an NCCRI agus an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionnanais
agus Athchóirithe Dlí, cinneadh faoi thorthaí
na n-iarratas agus cuirfidh sé na prionsabail seo
a leanas i bhfeidhm nuair a bheidh na hiarratais á
mbreithniú:
- a mhéad a bhfuil an tionscnamh ag teacht le ceann,
ar a laghad, de chúig phríomhthéama
an NPAR;
- páirteachas gníomhach na ngrúpaí
mionlaigh i ngach céim d'fhorbairt an tionscnaimh;
- an tionchar féideartha;
- luach ar airgead;
- soiléire agus caighdeán an iarratais;
agus
- i gcás Scéimeanna B
- an breisluach ar thionscnaimh láithreacha;
- inbhuaine féideartha an tionscnaimh; agus
- ráthaíocht réasúnta
foghlama de thoradh an tionscnaimh;
- fianaise go bhfuil núálaíocht
i gceist sna straitéisí, sa chur chuige
agus sna modhanna a mholtar;
- fianaise faoi chomhpháirtíocht ghníomhach
idir roinnt eagraíochtaí ábhartha
i bpleanáil, i ndearadh agus i measúnú
na dtionscnamh.
Forchoimeádtar an ceart deontas a dhiúltú
nó gan ach cuid de mhéid deontais a sholáthar
i gcásanna áirithe. Mura dtugtar an méid
iomlán a iarrtar, ní foláir d'fhaighteoir
an deontais a dhearbhú, roimh eisiúint an
mhéid deontais, gur féidir an tionscadal a
chur chun cinn leis an maoiniú laghdaithe, agus aon
fhoinsí eile maoinithe don tionscadal a shainaithint.
Táthar ag súil go ndéanfar cinntí
deiridh i dtaobh na n-iarratas ar éirigh leo roimh
dheireadh Samhna 2004.
CÉ AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
Tá na grúpaí seo a leanas i dteideal
iarratas a dhéanamh:
- Comhpháirtíochtaí forbartha áitiúla,
grúpaí comharsanachta, grúpaí
spóirt, grúpaí óige agus ógeagraíochtaí,
agus grúpaí ban;
- Ionadaithe na ngrúpaí mionlaigh agus eagraíochtaí
a oibríonn le grúpaí mionlaigh;
- Eagraíochtaí forbartha pobail;
- Ceardchumainn ar leith agus grúpaí cleamhnaithe
dá gcuid;
- Eagraíochtaí do sheirbhísí
deonacha poiblí agus príobháideacha;
- Grúpaí eaglasta, lena n-áirítear
eagraíochtaí paróiste áitiúla;
- Grúpaí oideachasúla lena n-áirítear:
cumainn tuismitheoirí / múinteoirí,
grúpaí scoláirí, grúpaí
réamhscoile, bunscoileanna ar leith, meánscoileanna,
ollscoileanna, cumainn na mac léinn, eagraíochtaí
oideachais fhorbartha agus grúpaí oideachais
aosaigh;
- Comhlachtaí ealaíon ag an leibhéal
náisiúnta, réigiúnach agus
áitiúil, lena n?áirítear cuideachtaí
na n-ealaíon léirfheidhmeach;
- Grúpaí meán; stáisiúin
raidió pobail agus áitiúla; agus
- Eagraíochtaí nach don bhrabús iad.
Ní bhreithneofar iarratais ó ghrúpaí
/ eagraíochtaí nár chuir isteach a
dtuairiscí measúnaithe agus airgeadais ar
na deontais Know Racism a tairgeadh roimhe seo, faoin 29ú
Deireadh Fómhair 2004.
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Tá breis eolais faoin scéim deontais, lena
n-áirítear foirmeacha iarratais, treoirlínte
agus coinníollacha deontais, crítéir,
etc., ar fáil ag www.nccri.ie
nó www.justice.ie
nó www.knowracism.ie,
ar ghuthán 01-8588000 nó trí scríobh
chuig:
NCCRI
20 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Is cóir dhá chruachóip shínithe
den iarratas comhlánaithe a chur chuig an seoladh
thuas roimh an spriocam 5.00pm Dé hAoine, 29ú
Deireadh Fómhair 2004. Ní ghlacfar le hiarratais
ar facs nó r-phost.
Ní ghlacfar le comhfhreagras a bhaineann
leis an iarratas i ndiaidh an spriocama.
COINNÍOLLACHA LE hAGHAIDH MAOINITHE
Baineann na coinníollacha seo a leanas le deonadh
na gcistí faoin scéim seo:
- Ní mór do ghrúpaí / eagraíochtaí,
mar chuid dá n-iarratas, plean a sholáthar
den tionscadal a mholtar, agus de chostas measta an tionscadail,
ag déanamh idirdhealaithe idir costais riaracháin
agus costais ghníomhaíochtaí. Is
gá aon mhaoiniú a fhaightear ó fhoinsí
eile don tionscadal nó tionscnamh ábhartha
a shainaithint.
- Ní ceadaithe na cistí deontais a úsáid
ach chun an gníomh, tionscnamh nó tionscadal
atá sonraithe san iarratas ar dheontas, a fhorfheidhmiú.
- Ag teacht leis an gcoinníoll sa scéim
deontais seo, gona buiséad teoranta, gur gá
luach ar airgead a chinntiú, ní chuirfear
maoiniú ar fáil do thionscadail ar mhacasamhail
tionscnaimh reatha nó nach gcuireann breisluach
leo.
- Ní mór d'fhaighteoirí deontais
faoi Scéimeanna A agus B na Coinníollacha
Cuntasaíochta (thíos) a chomhlíonadh
mar aon leis an gcoinníoll maidir le Tuairisc Mheasúnaithe
a sholáthar. Is gá d'fhaighteoirí
faoi Scéim A ráiteas a sholáthar
(mar aon le hadmhálacha, nuair is cuí) agus
Tuairisc Mheasúnaithe.
- Is cóir aon athruithe sonraí a tharlóidh
tar éis iarratas a dhéanamh ar dheontas
nó aon deacrachtaí a chaithfeadh amhras
ar fheidhmiú rathúil thogra an deontais,
a chur in iúl don NCCRI.
- Is gá tacaíocht an Phlean Gníomhaíochta
Náisiúnta in Aghaidh Ciníochais (NPAR)
a admháil i ngach bolscaireacht agus foilseachán
a bhaineann le gníomhartha, tionscnaimh nó
tionscadail a mhaoinítear faoin scéim deontais.
- Is cóir foclaíocht / tearmaíocht
chuí a úsáid in aon chomhfhreagras
a bhaineann leis an tionscadal. (Tá faisnéis,
lena n-áirítear sainmhínithe ar chiníochas,
leatrom ciníoch, etc., ar fáil ar an láithreán
gréasáin KNOW RACISM ag www.knowracism.ie).
- Mar atá ráite thuas, ní féidir
iarratais a mheas ó ghrúpaí / eagraíochtaí
nár chuir na tuairiscí riachtanacha ar fáil
i leith na ndeontas Know Racism a tugadh roimhe seo, faoin
29ú Deireadh Fómhair 2004.
Sular féidir leat deontas a fháil
COINNÍOLLACHA CUNTASAÍOCHTA
- Caithfidh faighteoirí deontais de mhéideanna
thar €2,000 na Gnáthaimh Rialaithe Airgeadais
d'Fhaighteoirí Deontais a chomhlíonadh de
réir an Aguisín leis seo.
- Is gá cuntais shonraithe i dtaobh caiteachais
ar mhéideanna deontais thar €2,000 a chur
chuig an NCCRI a luaithe is féidir agus gan sin
a bheith níos déanaí ná ceithre
mhí tar éis eisiúint an mhéid
deontais. Tá an méid seo a leanas riachtanach:
- Cuntas Ioncaim agus Caiteachais, mar aon le hadmhálacha,
deimhnithe ag beirt sínitheoirí údaraithe
ón ngrúpa, mar fhianaise gur caitheadh
an t-airgead ar an tionscadal molta. Is cóir
d'iniúchóirí an ghrúpa
/ na heagraíochta a dheimhniú gur úsáideadh
an méid deontais don chuspóir dár
bronnadh é.
- I gcásanna ina bhfuil foinsí éagsúla
maoinithe, miondealú sonraithe ar chaiteachas
iomlán an tionscadail, ag tabhairt léiriú
faoin maoiniú a fuarthas ó gach foinse,
mar aon le hadmhálacha.
- I ngach cás, mura gcuirtear an gníomh,
tionscnamh nó tionscadal molta i gcrích
laistigh de shé mhí ón am a fuarthas
an deontas, ní mór an méid deontais
a chur ar ais chuig an NCCRI agus míniú
a thabhairt ar an gcúis nár tugadh faoin
togra deontais.
- Sa chás nár úsáideadh ach
cuid den deontas, ní mór fuílleach
an deontais a chur ar ais chuig an NCCRI.
GNÁTHAIMH IMRÉITIGH CHÁNACH
Is gá do ghrúpaí / eagraíochtaí
an méid seo a leanas a sholáthar:
- a nUimhir Thagartha Cánach, ainm na hoifige cánach
atá ag plé lena gcúrsaí, deimhniú
go bhfuil a gcúrsaí cánach in ord
agus, más cuí, i gcás deontais thar
€6,500, Deimhniú Imréitigh Cánach
a d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim,
nó
- i gcásanna ina n-aithníonn na Coimisinéirí
Ioncam iad mar charthanacht, a n-uimhir CHY.
Tár éis chríochnú an
Tionscadail
TUAIRISC MHEASÚNAITHE
Is gá tuairisc faoin tionscadal deontas-chuidithe
a chur chuig an NCCRI go luath tar éis chríochnú
an tionscadail ag cur síos ar cheachtanna a foghlaimíodh
agus ar dheacrachtaí a tharla, mar aon le measúnú
ar na torthaí, más féidir. Is cóir
cóipeanna nó samplaí d'aon fhoilseacháin,
ábhair acmhainne, etc., a forbraíodh mar chuid
den tionscadal, a chur leis.
AGUISÍN
PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA NÁISIÚNTA
IN AGHAIDH CINÍOCHAIS
GNÁTHAIMH RIALAITHE AIRGEADAIS d'FHAIGHTEOIRÍ
DEONTAIS
1. Taifid Airgeadais
- 1.1 Is gá do na grúpaí / eagraíochtaí
ar leith cuntas a thabhairt sa mhaoiniú a fuarthas.
Is féidir seo a dhéanamh trí chuntas
bainc ar leith a oscailt agus trí anailís
ar leith a choinneáil sna leabhair agus sna taifid
maidir leis an maoiniú.
- 1.2 Is cóir don ghrúpa / eagraíocht
oscailt an chuntais bainc agus na sínitheoirí
seiceanna a cheadú, agus is cóir é
seo uile a chlárú sna miontuairiscí.
Is cóir go ndéanfaí soláthar
sa sainordú bainc do bheirt sínitheoirí
seice i gcás gach íocaíochta.
- 1.3 Ní cóir do shínitheoirí
seice aon seiceanna atá iníoctha leo féin
a shíniú.
- 1.4 Is gá réitigh bainc a dhéanamh
ar bhonn rialta, ie., gach mí, agus athbhreithniú
orthu ag an leibhéal cuí laistigh den ghrúpa/
eagraíocht.
- 1.5 Is gá na teorainneacha údaráis
le haghaidh íocaíochtaí a dhoiciméadú
go soiléir agus is cóir go mbeadh foirmeacha
foréilimh seice ann mar fhianaise orthu. Is gá
na hairgid ar fad a úsáid ar chaiteachas
incháilithe amháin.
- 1.6 Is cóir íocaíochtaí
a dhéanamh ar bhonn admhálacha bunaidh amháin,
seachas ar chóipeanna d'admhálacha, luachana,
ráitis soláthróra, etc., agus is
cóir gach admháil a chealú tar éis
íoctha le stampa "an dáta íoctha".
- 1.7 Is gá na taifid chuntasaíochta seo
a leanas a choinneáil:
- (i) Leabhar airgid (taifead ar fhoinse gach airgid
atá faighte) ag léiriú an chuntais
/ na gcuntas bainc chinn scríbe inar lóisteáladh
na hairgid.
- (ii) Iris na n-íocaíochtaí
seice.
- (iii) Sonraisc, duillíní seachadta
agus orduithe ceannacháin i leith seiceanna
a eisíodh.
- (iv) Más infheidhmithe, comháirimh
párolla a fhreagraíonn do sheiceanna
glantuarastail, eg. cártaí asbhainte
cánach atá comhlánaithe.
- (v) Leabhair lóisteála bainc.
- 1.8 Is gá, mar rialú breise, go mbeadh
réiteach neamhspleách idir cuntais iniúchta
agus an tuairisceán airgeadais charntha don NCCRI
a d'ullmhaigh an grúpa / eagraíocht. Ní
cóir go léireodh seo aon difríochtaí
idir an tuairisceán agus na ráitis airgeadais,
seachas ionramháil an dímheasa, sóchmhainní
seasta, etc.
- 1.9 Is gá go mbeadh lorg trédhearcach
iniúchóireachta idir leabhair agus taifid
na bhfaighteoirí deontais agus an tuairisceán
airgeadais a sheoltar chuig an NCCRI.
- 1.10 Is gá na taifid chuntasaíochta uile
a choinneáil ar feadh íostréimhse
6 bliana.
- 1.11 Is gá trí luachan a fháil
i leith gach íocaíochta suntasaí,
ie., thar €635.
- 1.12 Is gá taifid scríofa a choinneáil
de chinnithe uile an ghrúpa / na heagraíochta
i leith íocaíochtaí.
- 1.13 Is gá na híocaíochtaí
uile a dhéanamh go pras, ie., ar bhonn míosúil.
- 1.14. I gcás gach deontas thar €5,000,
is gá do ghrúpaí / eagraíochtaí
cóip dá Ráitis Airgeadais Iniúchta
Bhliantúla a chur chuig an NCCRI roimh an 31ú
Nollaig. Mura bhfuil an grúpa corpraithe, is leor
ráitis airgeadais mar aon le tuairisc ó
Chuntasóir Gairmiúil. Is cóir go
mbeadh sceideal ar leith sna Ráitis a luann sonraí
ioncaim agus caiteachais nach bhfuil bainteach ach le
cistí amháin.
2. Iarrata ar Tharraingtí Anuas
- 2.1 Is gá do ghrúpaí / eagraíochtaí
an t-eolas seo a leanas a chur chuig an NCCRI sula n-íoctar
na chéad tráthchodanna deontais:
- Litir ghlactha, a chuimsíonn glacadh an ghrúpa
le haon riachtanais bhreise a bhaineann leis an maoiniú.
- Anailís ar an mbuiséad agus próifíl
caiteachais.
- Deimhniú Imréitigh Cánach an
ghrúpa.
- Sonraí ghnáthaimh airgeadais inmheánacha
an ghrúpa / na heagraíochta.
- Sonraí an chuntais bainc.
- Ainm teagmhála maidir leis an maoiniú.
- Cóip den Deimhniú Corpraithe (i gcás
cuideachta atá cláraithe faoi Acht na
gCuideachtaí).
- 2.2 I gcás tarraingtí anuas breise, éilíonn
an NCCRI go ndéanfaí tuairisceán
airgeadais charntha a chomhlánú go ráithiúil
in aghaidh gach dual den mhaoiniú, ach d'fhéadfadh
sé tuairisceán níos minice a iarraidh
i dtosca áirithe. Is gá na tuairisceáin
a chomhlánú ar bhonn admhálacha agus
íocaíochtaí agus iadsan a bheith
nasctha le réitigh bainc. Is gá go mbeadh
cóip de ráiteas bainc ann a chlúdaíonn
an dáta i gceist, mar aon le liosta de na seiceanna
gan íoc, mar thaca d'iarmhéid deiridh na
réiteach bainc.
3. Soláthar
- 3.1 Caithfidh na grúpaí / eagraíochtaí
a chinntiú go bhfaighfear luach ar airgead nuair
a bheidh earraí agus seirbhísí á
soláthar.
- 3.2 Is gá deimhnithe imréitigh cánach
a fháil i gcás íocaíochtaí
carntha thar €6,500 sa bhliain. Is gá uimhir
thagartha cánach a fháil do gach íocaíocht
thar €650 sa bhliain.
- 3.3 Nuair a bhronntar conarthaí, is cóir
tairiscintí iomaíocha a fháil de
réir nósanna imeachta aitheanta na Seirbhíse
Poiblí. Is gá na critéir a úsáidtear
i mbronnadh conarthaí a dhoiciméadú.
Is cóir go mbeadh conarthaí cuimsitheacha
i bhfeidhm do gach seirbhís a choimisiúnann
an grúpa / eagraíocht, mar atá, comhairleoireacht,
éascaitheoireacht, traenáil etc. Is cóir
go luafaí na tascanna i gceist sna conarthaí
agus go ndéanfaí soláthar do tháille
forchuimsitheach ina leith.
4. Iniúchadh
- Is cóir na taifid a bhfuil tagairt dóibh
thuas a chur ar fáil, ar iarratas, le haghaidh
iniúchadh na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionnanais
agus Athchóirithe Dlí. Faoi Acht an Ard-Reachtaire
Cuntas agus Ciste 1993, is féidir leis an Ard-Reachtaire
iniúchadh a dhéanamh ar thaifid aon eagraíochta
a bhfuil cistí Stáit á bhfáil
acu.
|